Lá na siopaí ceirníní
Appearance
Cineál | imeacht féiltiúil |
---|---|
Bailíocht | Aibreán 2007 - |
Eatramh imeacht | 1 bliain |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Suíomh gréasáin | recordstoreday.com |
Reáchtáiltear Lá na siopaí ceirníní (nó Record Store Day i mBéarla) i lár mhí Aibreáin (an tríú Satharn de ghnáth) gach bliain (ó 2007). Déanfar ceiliúradh ar fud na cruinne ar shiopaí ceirníní agus ar an vinil cheolmhar.[1][2]
Is é cuspóir na lá ná béim a leagan ar an chultúr a bhaineann le siopaí ceirníní agus ar a ról i gcur chun cinn an cheoil sa lá atá inniu ann, go háirithe agus an ré dhigiteach faoi lán seoil.[3][4]
Níl ann ach áibhéil mhargaíochta, a deirtear uaireanta. Ach seoltar eisiúintí speisialta vinile do lá na siopaí ceirníní agus cuirtear ceolchoirmeacha agus imeachtaí éagsúla ar siúl sna siopaí féin.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús leis an feachtas margaíochta i mBaltimore, Maryland siar sa bhliain 2007.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- recordstoreday.com
- Molscéal: Siopa Ceirníní an Daingin. Cuairt ar Mazzie Ní Fhlathartaigh sa siopa beag ceirníní aici i nDaingean Uí Chúis. Labhraíonn Mazz faoin dúil atá aici sa cheol agus i gcúrsaí ealaíne.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nos.ie, 22 Aibreán 2017
- ↑ Rónán Beo, ar bhóithrín na smaointe (20 Aibreán 2018). "@ 16 noiméad 45s - Éist siar le Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair. Fear a chaith blianta ag obair i siopa ceirníní Chladaigh, ag caint faoi lá idirnáisiúnta na gceiríní a bhí ar siúl an tseachtain seo caite!" (ga-IE). Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2024-04-20.
- ↑ "Lá na Siopaí Ceirníní < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-04-20.
- ↑ Meon Eile (2022-04-20). "Lá na Siopaí Ceirníní, le Cormac Buzz Ó Briain".
- ↑ Molscéal (2019). "Siopa Ceirníní an Daingin" (ga-IE). Molscéal. Dáta rochtana: 2024-04-20.