Kwashiorkor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarKwashiorkor
cuir in eagar
Cineálprotein-energy malnutrition (en) Aistrigh, galar, dystrophy (en) Aistrigh agus protein deficiency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisinchríneolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10E40 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9260 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0118630 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB7211 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001604 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD007732 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0022806 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:13579 Cuir in eagar ar Wikidata

Cinéal easláinte ghéar i measc pháistí é an kwashiorkor. Baineann sé le míchothú ó fhuinneamh na bpróitéiní agus is iad éidéime, greannaitheacht, anoireicse, deirmitíteas othrasaithe agus ae méadaithe le hionsíothláití sailleacha a phríomhthréithe. Is é an éidéime atá cúisithe ag drochchothú a shainíonn kwashiorkor.[1] Cheaptaí gur easpa próitéiní ba chúis le kwashiorkor, ach go mbíodh a ndóthain calraí á chaitheamh ag an othar, agus seo a roinneadh é ó mharasmas. Le déanaí áfach, aithníodh go bhfuil baint ag easpa micreachothaitheach agus frithocsaídeoir leis, chomh maith. Is annamh go dtarlaíonn sé sa domhan forbartha.[2]

Thóg péidiatraí Iamácach, an Dr. Cicely D. Williams, an focal isteach i gcaint phobal an leighis lena halt sa Lancet sa bhliain 1935.[3] Díorthaíonn an focal ó theanga an Ga ó chósta Ghána, agus "an tinneas a fhaigheann an leanbh nuair a thagann an leanbh nua" is ciall dó.[4][fíoras?] Tagraíonn seo don chaoi go bhforbraíonn an tinneas go minic i leanbh a scoitear den chíoch nuair a thagann siblín nuabheirthe ar an bhfód.[4] Tá próitéiní agus aimíonaigéid i mbainne na gcíoch atá riachtanach do fhorbairt an pháiste. I measc pobal atá i mbaol, is féidir go bhforbróidh kwashiorkor má scoitheann máthair leanbh ó bhainne na gcíoch agus aiste bia atá lán le stáirsí, carbaihiodráití, agus atá gann ó thaobh próitéiní a chur ina áit.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ciliberto H, et al. (May 2005). "BMJ". BMJ 330 (7500): 1109. PMID 15851401. 
  2. Liu, Howard et al. Kwashiorkor in the United States Fad Diets, Perceived and True Milk Allergy, and Nutritional Ignorance Arch Dermatol. 2001;137:630-636. http://archderm.ama-assn.org/cgi/content/abstract/137/5/630
  3. Williams CD (1935). "". Lancet 226: 1151–2. doi:10.1016/S0140-6736(00)94666-X. 
  4. 4.0 4.1 "Merriam Webster Dictionary".