Kill Bill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinKill Bill
Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirQuentin Tarrantino Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúLawrence Bender Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptQuentin Tarrantino agus Uma Thurman Cuir in eagar ar Wikidata
CeolRZA Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtRobert Richardson Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinMiramax Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirMiramax Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama247 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaHong Cong agus an tSeapáin Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad60,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh333,108,506 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán ealaíon comhraic, scannán spléachaidh siar, scannán aicsin, scannán éigniú agus díoltais agus scannán fuilteach Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt6019206 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Kill Bill an 4ú scannán eisithe ag an stiúrthóir Meiriceánach Quentin Tarantino. Bhí sé in ainm a bheithe mar scannán epice amháin ach bhí sé scartha ina dhá scannán toisc gur mhair sé ceithre uair san iomlán. Bhí Vol.1 eisithe i mí Deireadh Fómhair 2003 agus bhí Vol.2 eisithe i mí Aibreáin 2004.

Is scannán díoltais iad faoi feallmharfóir a bhí mar bhall den 'Deadly Viper Assassination Squad'. Éiríonn as a post toisc go bhfuil sí ag iompar clainne chun saol nua a thosú ach ar lá a pósadh déanann a iarcheannasaí, Bill, agus an Assassanation Squad, ionsaí uirthi agus í fós ag iompar. Dhúisíonn sí ó chóma ceithre bliana níos déanaí agus tá díoltas uaithi.

Achomire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an scéal briste suas in dhá volume atá déanta suas de chúig caibidil an cheann. Ní insítear an scéal in aird ama, léimeann sé siar is chun tosaigh in am ó chabidil go cabidil.

Osclaíonn an scannán le radharc den Bride (Uma Thurman) cludaithe i bhfuil ar urlár an tséipéil ar lá a pósadh. Tá Bill (David Carradine) ag labhairt léi, déannan an Bride iarracht insint leis go bhfuil sí ag iompar a pháiste ach scaoileann sé urchar in a ceann roimh críochnaíonn sí.

Caibidil 1: 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

4 bhliain níos déanaí tugann an Bride cuairt ar Jeanie Bell (Vivica A. Fox), ball den Deadly Viper Assassination Squad, a rinne ionsaí ar an Bride ar lá a pósadh. Bíonn siad ag troid lena chéile ach stopann siad nuair a thagann iníon Jeanie abhaile ó scoil. Sa chistin bíonn cupán caife ag an mbeirt mná agus deireann Jeanie go bhfuil brón uirthi ach níl an Bride sásta glacadh leis. Go tobann déanann Jeanie iarracht urchar a scaoileadh ach tá an Bride níos tapúla le a scian, maríonn sí Jeanie os comhair a hiníon. Cé nach raibh sí ag iarraidh é sin a dhéanamh deireann sí go raibh sé tuillte ag a máthair.

Caibidil 2: The Blood-Splattered Bride[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trí spléachadh siar feiceann muid go ndearna ball eile den Squad, Elle Driver (Daryl Hannah), iarracht an Bride a mharú agus í fós i gcóma ach níor lig Bill di é a dhéanamh toisc an easpa onóir a bhí i gceist.

Nuair a dhúisíonn an Bride ón gcóma tá sí trína chéile faoi bhás a leanbh gan breith. Tá sí ag iarraidh teacht ar Bill laithreach, goideann sí carr agus fágann sí an ospidéal i ngan fhios d'aon duine.

Caibidil 3: The Origin of O-ren[cuir in eagar | athraigh foinse]

Smaoiníonn an Bride faoin gcéad ball den Squad atá sí chun díoltais a fháil ar, O-ren Ishii atá mar bhanríon coireachta i Tokyo. Insíonn an Bride scéal brónach agus foiréigeanach faoi saol O-ren.

Caibidil 4: Man from Okinawa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taistlíonn an Bride go Okinawa chun claíomh Samurai a cheannach ón déantóir claímh Samurai is fearr ar domhan, Hatori Hanzo.

Caibidil 5: Showdown at the House of Blue Leaves[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leanann an Bride O-ren go club oíche darbh ainm House of Blue Leaves ach chun aghaidh a thabhairt ar O-ren caithfidh an Bride troid le a gardaí cosanta, The Crazy 88. Éiríonn leis an mBride an lámh in uachtar a fháil le a claíomh Hatori Hanzo agus sroicheann sí O-ren. Bíonn troid teannasach claímh idir an bheirt mná, is troid deacair é ach bíonn an bua ag an Bride, maraíonn sí O-ren.

Críochnaíonn an scannán le radharc de Bhill ag labhairt le comhpháirtí O-ren a bhí ag an gclub oíche nuair a rinne an Bride ionsaí ar. Cuireann sé an ceist uirthi an bhfuil fhios ag an Bride go bhfuil a hiníon fós beo.

Foireann Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aisteoir Ról Vol. 1 Vol. 2
Uma Thurman Beatrix Kiddo / Black Mamba / The Bride
David Carradine Bill / Snake Charmer
Vivica A. Fox Vernita Green / Copperhead / Jeannie Bell
Daryl Hannah Elle Driver / California Mountain Snake
Lucy Liu O-Ren Ishii / Cottonmouth
Michael Madsen Budd / Sidewinder
Julie Dreyfus Sofie Fatale
Chiaki Kuriyama Gogo Yubari
Sonny Chiba Hattori Hanzō
Gordon Liu (Liu Chia-Hui) Johnny Mo / Pai Mei
Michael Parks Earl McGraw
Esteban Vihaio
Michael Bowen Buck
Jun Kunimura Boss Tanaka
Christopher Allen Nelson Tommy Plympton
Bo Svenson Reverend Harmony
Samuel L. Jackson Rufus
Larry Bishop Larry Gomez
Laura Cayouette Rocket
Perla Haney-Jardine B.B.]]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]