Jump to content

Kate O'Connor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKate O'Connor

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Nollaig 2000
25 bliana d'aois
Iúr Cinn Trá, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Texas, Austin (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmlúthchleasaí, iomaitheoir lúthchleasaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire
Tuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht
cluichí raoin is faiche Cuir in eagar ar Wikidata


X: kateoc2000 Instagram: kateoconnor2 Threads: kateoconnor2 World Athletics: 14759587 Olympics.com: kate-o-connor Cuir in eagar ar Wikidata

Is lúthchleasaí agus Oilimpeach ó Chontae Lú í Katherine (Kate) O'Connor. Rugadh í ar an 12 Nollaig 2000 in Iúr Cinn Trá.[1] Glacann sí páirt sa heaptatlan.

Cé gur tógadh i nDún Dealgan í, rugadh i Newry í, rud a fhágann go ndéanann sí ionadaíocht ar son Thuaisceart Éireann i gCluichí an Chomhlathais.

Chríochnaigh sí céim spórt in Ollscoil Sheffield Hallam in 2022.

Bhronn Ollscoil Uladh Máistreacht i gCumarsáid agus Caidrimh Phoiblí uirthi in 2025.

Is ball í de Chlub Lúthchleasaíochta Naomh Gearóid i nDún Dealgan. Déanann a hathair, Michael, cóitseáil uirthi.

Tá sí i gcaidreamh leis an bpeileadóir Éireannach Georgie Kelly.

Bhain Kate O'Connor curiarracht náisiúnta na hÉireann amach sa heaptatlan (seacht gcluiche) agus sa pheantatlan (cúig cluiche faoi dhíon). D'éirigh le Kate O'Connor aitheantas a thabhairt don heaptatlan in Éirinn, rud nár raibh an-cháil air roimhe seo.

Bhuaigh sí bonn airgid i gCraobhchomórtais Eorpacha Faoi-20 in 2019 sa heaptatlan, bonn airgid i gCluichí Comhlathais 2022 sa heaptatlan. agus bonn óir i gCluichí Ollscoile an Domhain in 2025.

Bhí sí ar an gcéad lúthchleasaí sa heaptatlan ó Éirinn riamh a ghlac páirt sna Cluichí Oilimpeacha 2024 i bPáras, áit ar chríochnaigh sí sa 14ú háit. Fuair sí 6167 pointe[2].

In 2025 Bhuaigh sí bonn cré-umha ag an Chraobhchomórtas Eorpach faoi dhíon san Ísiltír [3]. Sa Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain i dTokyo, bhuaigh sí bonn airgead.[4] Bhuaigh sí bonn airgid sa “Hepthatlon”,[5] an chéad Éireannach a bhuaigh bonn sa chomórtas ó bhuaigh Rob Heffernan ceann sa bhliain 2013.. Ghlac sí páirt i seacht n-imeacht ar fad cosúil leis an rás 800m.[6]

  1. "Kate O'Connor" (en-GB). Team Ireland. Dáta rochtana: 2024-08-09.
  2. "Women's Heptathlon - Results" (09-08-2024).
  3. "Bonn Óir ag Éirinn ag an gcraobh faoi dhíon" (as ga) (2025-03-09).
  4. "HEPTATHLON FINAL RESULTS" (PDF). Comhaontas Idirnáisiúnta Lúthchleas Amaitéarach (World Athletics) (2025-09-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-09-20. Dáta rochtana: 2025-09-22.
  5. RTÉ News (2025-09-20). "Kate O’Connor wins historic silver medal in heptathlon".
  6. ELeathanach 503, 29 Meán Fómhair 2025, Ollscoil Mhá Nuad