Karen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sráidbhaile de chuid na gKaren i Maenmar

Tá cónaí ar na Karen in oirthear Mhaenmair agus in Iarthar na Téalainne i réigiún cnocach. Grúpa eitneach, nó dornán de ghrúpaí eitneacha ab fhearr a rá, atá iontu agus iad ag labhairt teangacha gaolmhara ar craobh ar leith iad i gcrann ginealais na dteangacha Tibéideach-Bhurmacha. Is iad na teangacha Sgaw, Pwo, agus Pa'o an trí mhórtheanga, ach níl siad intuigthe ag cainteoirí a chéile. Tá thart ar seacht milliún acu ina gcónaí i Maenmar agus ceithre chéad míle eile sa Téalainn.

Tá siad ag cur troda ar a son ón 31 Eanáir 1949 i leith, agus iad ag iarraidh saoirse a bhaint amach ó Mhaenmar. Bíonn na Karen ag ceiliúradh Lá na Réabhlóide ar an 31 Eanáir, mar chineál lá náisiúnta. Is léir nach bhfuil an rialtas míleata i Rangún sásta géilleadh d'éilimh na gKaren, agus tá eagraíochtaí na gKaren ag cur i leith an rialtais go bhfuil sé ag féachaint le cineghlanadh a dhéanamh ar na Karen. Deirtear go mbíonn na saighdiúirí Maenmaracha ag marú sibhialtaigh, á n-éigniú agus á gcoinneáil i ndaoirse. Chuaigh cuid mhór de na Karen ar a seachnadh ó thrúpaí an rialtais, agus iad socraithe síos i gcampaí dídeanaithe ar thaobh na Téalainne den teorainn.

An chuid is mó de na Karen, is é an reiligiún atá acu ná meascán an traidisiúin anamaigh agus an Bhúdaíochais a fuair siad ó na Mon - dream eitneach atá ag dul i laghad inniu, cé go raibh an-ról acu i stair an réigiúin go dtí an 18ú haois. Tháinig an Chríostaíocht a fhad leis na Karen sa 19ú haois, nó bhaist an misinéir Meiriceánach George Boardman an chéad iompaitheach de na Karen, Ko Tha Byu, sa bhliain 1828. Tá cuid mhaith Karen ina gCríostaithe inniu, ach is amhlaidh is mó a dhéanann rialtas Mhaenmair géarleanúint orthu, nó is é an tuiscint atá acu ar an scéal nach bhfuil sa Chríostaíocht ach iarmhairt impiriúlachais.