K. Srilata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaK. Srilata

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1968
55/56 bliana d'aois
Ranchi, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheChennai
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

File Indiach, scríbhneoir ficsin, aistritheoir agus acadóir is ea K. Srilata (dá ngairtear Srilata Krishnan freisin). Tá sí ina cónaí in Chennai.

Foilsíodh a céad leabhar filíochta, Seablue Child, sa bhliain 2000, agus lean Arriving Shortly (2011) é.[1][2] Tá cnuasaigh eile curtha amach aici ó shin: Writing Octopus (2013) agus Bookmarking the Oasis (2015).[3][4] Bhuaigh a dán In Santa Cruz, Diagnosed Home Sick an chéad duais san All India Poetry Competition (a chuir an British Council agus The Poetry Society (India) sa bhliain 1998.[5] Bhuaigh sí an Unisun British Council Poetry Award (2007) agus fuair comhaltas Charles Wallace i gcomhair cónaitheacht scríbhneora (2010).[6]

Fadliostáladh a céad úrscéal, Table for Four, sa bhliain 2009 i gcomhair an Man Asian Literary Prize agus foilsíodh é sa bhliain 2011.[7]

Rinne sí féin, Lakshmi Holmström agus Subashree Krishnaswamy dhá mhíle bliain d’fhilíocht Tamalach a aistriú go Béarla mar Rapids of a Great River: The Penguin Book of Tamil Poetry, saothar a fuair ardmholadh.[8] Is iad na haistriúchain eile atá déanta aici Once there was a girl (Vattathul), úrscéal le R. Vatsala, agus The Other Half of the Coconut: Women Writing Self-Respect History, scríbhneoireacht ban ón Self-Respect Movement.[9][10]

Bhí sí ina comheagarthóir le Fiona Bolger ar All the Worlds Between, díolaim Ghael-Indiach filíochta a chuir Yoda Press amach.

Bhí sí ina scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil Shruighlea in Sangam House agus ag Spás Ealaíne Yeonhui in Seoul. Bhí sí ina scoláire réamhdhochtúireachta Fulbright in Ollscoil California in Santa Cruz. Léiríonn sí an CMI Arts Initiative i dteannta Madhavan Mukund agus K.V. Subrahmanyam, tionscadal a reáchtálann cláir agus cúrsaí gearrthéarmacha sna healaíona, agus óstálann sí cónaitheacht scríbhneora in éineacht le Sangam House. Ball í den fhoireann a reáchtálann Yavanika Press, suíomh ríomhfhoilsitheoireachta a dhéanann speisialtacht den fhilíocht.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht Indiach i mBéarla

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]