Jyoti Basu
Dlíodóir agus ceannaire Cumannach de chuid na hIndia ab ea Jyoti Basu (8 Iúil 1914 – 17 Eanáir 2010).[1]
Céimí de chuid Ollscoil Calcúta, glaodh chun an Bharra air sa Teampall Láir sa bhliain 1939. Cláraíodh mar abhcóide in Ard-Chúirt Chalcúta é an bhliain dár gcionn.
Mar sin féin, ní dheachaigh sé leis an dlíodóireacht sa ghnáthchiall riamh, ós rud é gur chuaigh sé isteach sa Pháirtí Cumannach nuair a bhí sé i Londain agus dhírigh sé ar chúnamh dlí pro bono a thabhairt don Pháirtí Cumannach agus dá cheardchumainn agus eagraíochtaí eile gaolmhara.
Ag am na scoilte i bPáirtí Cumannach na hIndia sa bhliain 1964, bhí Basu i measc na ndaoine a bhunaigh Páirtí Cumannach na hIndia (Marxach). Bhí sé ina bhall de Chomhthionól Reachtaíochta Bheangál Thiar ó 1952 go 1972 agus ó 1977 go 2001 agus ina Phríomh-Aire ar an Stát ó 1977 go 2000.
Is dócha go ndéanfaí Príomh-Aire na hIndia de sa bhliain 1996 murar shocraigh Politburo PCI(M) go bhfanfadh an páirtí amach as rialtas an Fhronta Aontaithe.
D'éag Basu ar 17 Eanáir 2010 agus é cúig bliana is nócha d'aois
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Jyoti Basu". Dáta rochtana: 2021.