Jump to content

Junes Lokka

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Junes Lokkaa)
Infotaula de personaJunes Lokka

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Eanáir 1979
47 bliana d'aois
Maracó Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir bardais san Fhionlainn
2021
Áit chónaitheOulu
Gníomhaíocht
Gairmfísbhlagálaí, polaiteoir, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis

Is gníomhaí frith-inimirce Fionlannach agus ciontóir drugaí[1] é Junes Lokka, a rugadh i Maracó ar an 14 Eanáir 1979. Rinne Lokka staidéar ar an ríomheolaíocht in Ollscoil Oulu gan céim a bhaint amach. Sna blianta 2017-2022 bhí sé ina Chomhairleoir Cathrach in Oulu, agus é ina bhall d'ASYL, arbh é a fhaicsean féin é i gcomhairle cathrach Oulu. Chomh maith leis an bhFionlainnis, luann sé an Fhraincis mar theanga dhúchais.[2]

Saolaíodh Lokka i Maracó do lánúin mheasctha, nó is Fionlannach é a athair, agus is as Maracó dá mháthair. Deir sé gurb í an Fhraincis an teanga atá aige ón gcliabhán. Shocraigh sé síos san Fhionlainn sa bhliain 2005.

Na hImeachtaí Dlí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtoghcháin áitiúla na bliana 2017 vótáladh Lokka isteach ina chomhairleoir cathrach ón gComhliosta Ceart Fionlannach (Aito suomalainen yhteislista, ASYL). Nuair a bhí faicsin na Comhairle sáite i gcomhchainteanna faoi shannadh na ról iontaibhe, diúltaíodh comhairleoirí a Chomhliosta faoi na róil sin, toisc go raibh Lokka tar éis súil na míshástachta coitianta a tharraingt air féin lena dhrochiompraíocht agus leis an teanga mhíchuí a bhí á cleachtadh aige. Níor admhaigh Lokka go raibh cainteanna míchuí labhartha aige. Is éard a dúirt sé féin gurbh iad comhairleoirí an Chomhliosta a bhí maslaithe seachas a mhalairt. Nuair a chuir an Comhliosta an dlí ar an gComhairle Cathrach, is é an tátal a bhain an Chúirt Riaracháin as an scéal ná go raibh an Chomhairle i ndiaidh na rialúcháin a shárú, ach nuair a chuaigh an cás go dtí an Ard-Chúirt Riaracháin, is é an bhreith a thug an chúirt ná, cé go raibh easnaimh ag baint leis an nós imeachta, go raibh sé inghlactha i ndiaidh an iomláin.

I Meán Fómhair 2018 ghearr an Chúirt Dúiche fíneáil ar Lokka ó bhí sé tar éis spreagadh chun fuatha ar dhream eitneach [3][4].

Sheas an t-iriseoir Johanna Vehkoo an dlí nuair a chuir Lokka ina leith go raibh sí tar éis é a chlúmhilleadh. Is éard a dúirt Vehkoo ar an bhFacebook i Mí na Samhna 2016 ná gur "Naitsí", "amhlóir Naitsíoch" agus "ciníoch" a bhí ann mar Lokka. Bhí Lokka ag éileamh go n-íocfadh Vehkoo € 1,500 leis in éiric an mhasla, ach ní raibh an Chúirt sásta ach cuid den tsuim seo a ghearradh ar Vehkoo, toisc an iompraíocht a chleacht Lokka féin. Nuair a chuaigh an cás a fhad leis an Ard-Chúirt, d'eitigh siad an cúiseamh, nó bhí siad barúlach nach raibh Vehkoo ach ag lochtú iompraíocht Lokka sa saol poiblí. Thairis sin, ní raibh masla déanta ag Vehkoo, le taobhshúil ar an iompraíocht sin, dar leis an gCúirt.[5][6]

Roimhe sin, sa bhliain 2019, cuireadh an dlí ar Lokka i gceithre chúiseamh, agus ba iad na coireanna a bhí i gceist ná clúmhilleadh agus scaipeadh eolais phríobháidigh.[7]

I Mí Eanáir 2021 chuir Twitter, an t-ardán meán sóisialta, cuntas Lokka ar fionraí, toisc go raibh rialacha an ardáin sáraithe aige. Sa bhliain chéanna chiontaigh Cúirt Dúiche Oulu i spreagadh chun fuatha ar dhream eitneach é, toisc gur mhol sé don Chomhairle Cathrach "scuaid bháis" a earcú. I Mí na Nollag 2021 ghearr an Chúirt Dúiche fíneáil € 285 ar Lokka toisc go raibh sé ciontach i gclúmhilleadh, thairis sin d'ordaigh an Chúirt dó damáistí € 400 a íoc leis an duine a chlúmhill sé. Thosaigh an cás seo sa bhliain 2017, nuair a diúltaíodh é faoi pháirt a ghlacadh i bpainéal toghcháin, ó tharla nach raibh sé ag déanamh ionadaíochta ach dá "chomhliosta" féin: ní bhfuair ach ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla cuireadh chun an phainéil, rud nach raibh Lokka sásta leis.[8]

Sa bhliain 2022 ciontaíodh Lokka i dtrí chúiseamh faoi chlúmhilleadh agus in aon chúiseamh amháin faoi scaipeadh eolais faoi shaol phríobháideach duine eile. Chuir an Chúirt in iúl go raibh fíneáil dlíte do Lokka, ach níor gearradh pionós ar bith air, toisc go raibh air bliain iomlán a chaitheamh ag fanacht leis an triail.[9]

I Mí Mheán Fómhair 2025 d'ordaigh Cúirt Dúiche Heilsincí go raibh Lokka le téarma príosúnachta a chur isteach, ó nach raibh sé tar éis na fíneálacha a íoc a bhí gearrtha air. Beidh air fiche lá a chaitheamh sa phríosún.[10]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]