Jump to content

Judith Beveridge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJudith Beveridge
Beathaisnéis
Breith1956
69/70 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Teicneolaíochta, Sydney Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

File, eagarthóir agus acadóir ón Astráil is ea Judith Beveridge (1956-). Rugadh i Londain í agus bhain a muintir an Astráil amach in 1960.[1]

Rinne sí BA Ollscoil an Teicneolaíochta, Sydney, agus d’oibrigh sí i leabharlanna, mar mhúinteoir, mar thaighdeoir agus in athghiniúint timpeallachta.[2] Idir 2003 agus 2018 mhúin sí scríbhneoireacht chruthaitheach in Ollscoil Sydney[3] agus bhí sí ina heagarthóir filíochta ag an iris liteartha Meanjin ó 2005 anuas[4] go dtí 2015.[5]

Bhain sí a lán duaiseanna agus moladh do dhuaiseanna eile í.

Duaiseanna agus ainmiúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Wesley Michel Wright Award
  • 1988 — Duais Mary Gilmore as The Domesticity of Giraffes[6]
  • 1988 — Duaiseanna Liteartha Céad Aire New South Wales, Duais Filíochta Kenneth Slessor as The Domesticity of Giraffes [7]
  • 1988 — Duais Liteartha Céad Aire Victoria, Duais Filíochta C. J. Dennis Prize as The Domesticity of Giraffes
  • 2003 — Duais Filíochta Josephine Ulrick[8]
  • 2004 — Duaiseanna Liteartha Céad Aire Queensland, Cnuasach Filíochta — Duais Calanthe Judith Wright, Ealaíona Queensland as Wolf Notes [9]
  • 2005 — Bonn Cuimhneacháin Philip Hodgins ag Féile Scríbhneoirí Mildura[10]
  • 2013 — Duais Christopher Brennan[11]
  • 2015 — Duaiseanna Liteartha Céad Aire New South Wales, ainmniúchán, Duais Filíochta Kenneth Slessor as Devadatta's Poems.[12]
  • 2019 — Duaiseanna Liteartha an Phríomh-Aire um Fhilíocht as Sun Music[13]

They listen to the myna birds dicker in the grass.
The child’s blue shoes are caked with
garden dirt. When he runs, she sees the antics
of a pair of wrens. She works the garden,

a pot of rusting gardenias has given off its ales
and infused the danker germinations of her
grief. She watches her son chase pigeons,
kick at the leaves piled high... (Sliocht as "Mother and Child"[14])

Éisteann siad leis na míonaí ag cocaireacht san fhéar.
Tá bróga gorma an pháiste stolptha
le cré an gharraí. Nuair a ritheann sé feiceann sí
geáitsí dhá dhreoilín. Saothraíonn sí an garraí;

lig pota gairdéiní meirgeacha uaidh a chuid leannta
agus iad insilte sa phéacadh is múscánta
dá brón. Féachann sí ar a maicín ag díbirt colúr
is ag ciceáil charn na nduilleog...

  • The Domesticity of Giraffes (Black Lightning, 1987) ISBN 0-949561-08-8
  • A parachute of blue : first choice of Australian poets. Number one, le Jill Jones & Louise Katherine Wakeling (Round Table Publications, 1995) ISBN 0-646-22003-9
  • Accidental Grace (UQP, 1996) ISBN 0-7022-2872-9
  • How to Love Bats, and Other Poems (Picaro Press, 2001)OCLC: 57312733
  • Wolf Notes (Giramondo, 2003) ISBN 1-920882-00-6
  • Storm and Honey (Giramondo, 2009) ISBN 978-1-920882-56-3
  • The Best Australian Poetry 2006, le Martin Duwell & Bronwyn Lea (UQP, 2006) ISBN 0-7022-3568-7
  • Sun Music: New and Selected Poems (Giramondo, 2018) ISBN 978-1-925336-88-7
  • Beveridge, Judith. "Four Ascetics," The Literary Review, 45, no. 1 (2001): 152

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]