José Eusebio Otalora

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
José Eusebio Otalora
José Eusebio Otálora 1.jpg
16. Uachtarán na Colóime

Nollaig 22, 1882 - Aibreán 1, 1884
Clímaco Calderón - Ezequiel Hurtado
Saol
Eolas breitheFomeque, 16 Meán Fómhair 1826
NáisiúntachtAn Cholóim
BásTocaima, 8 Bealtaine 1884
Oideachas
Alma materOur Lady of the Rosary University (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmtaidhleoir, polaiteoir agus dlíodóir
Seirbhís mhíleata
Céimoifigeach coitianta
Throid sé/sí agCogadh Cathartha na Colóime 1859–1862
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaPartido Liberal Colombiano

Polaiteoir agus ginearál Colómach ba ea José Eusebio Otalora (16 Meán Fómhair, 1826 - 8 Bealtaine, 1885). Rugadh i Fómeque, Cundinamarca é, ar an 16 Meán Fómhair 1826, agus cailleadh é ar an 8 Bealtaine 1885i i dTocaima,Cundinamarca. Bhí sé ina bhaill den Pháirtí Liobrálach (Partido Liberal Colombiano) agus sa bhreis ar sin a cheapadh ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe na Colóime sa bhliain 1882 mar go raibh sé ina secundo Designado Presidencial (nó an dara Uachtarán Ainmnithe) tar éis bháis an Uachtaráin Francisco Javier Zaldúa, agus diúltú an primero Designado Presidencial Rafael Núñez an post a ghlacadh.

Ba mhac fear ghnó agus feirmeoir Bascach é agus a bhean Boyaca. Chaill an teaghlach a shealúchas i Miraflores (Boyacá) mar go raibh a athair ina ríogaí agus le sin bhí orthu dul ar deoraíocht go Fómeque.

Fuair sé a chuid foghlama ar an scoil agus ar an Ollcoil i mBogotá, agus bhain sé céim amach sa dlí ón Oillscoil Rosario (Universidad del Rosario), sa bhliain 1852. An uair sin, ghlac sé páirt i gcúrsaí polaitíochta, mar theachta cúigeach Bhogotá, ach d'éirigh sé as i gceann cúpla mí , nuair a chuaigh sé go Guateque san Athbhliain.