John Joe Doyle
| Beathaisnéis | ||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Breith | 14 Meitheamh 1906 Cora Chaitlín, Éire | |||||||||||||
| Bás | 11 Lúnasa 2000 94 bliana d'aois | |||||||||||||
| Gníomhaíocht | ||||||||||||||
| Gairm | iománaí | |||||||||||||
| Spórt | iomáint | |||||||||||||
| ||||||||||||||
Chaith John Joe Doyle (14 Meitheamh 1906 – 11 Lúnasa 2000) dhá bhliain déag i mbun iomána ar fhoireann an Chláir (1926-1938), ar an mbáireoir ab fhearr in Éirinn lena linn féin.. Ba é a leasainm a chuidigh leis – John Joe ‘Goggles’ Doyle.[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fiú agus é ag dul ag an scoil, ní go maith a bhí amharc na súl ag John Joe. Agus é ina dhéagóir, bhí sé ar dhuine de na hiománaithe óga ab fhearr ina cheantar. Fós agus é ag déanamh ar aois fir, bhí brath air éirí as an imirt ar fad mar go raibh a amharc chomh dona sin.
Le linn a chuid imeartha bhuaigh an Dálach craobh a chontae leathdhosaen uair le Cora Chaitlín.
Ba é a bhí ina chaptaen nuair a chliseadar de chúl in aghaidh Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann.
Bhí an Dálach 92 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé in 2000. Tá sé le feiceáil fós i Músaem an Chláir (Inis).[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Mártan Ó Ciardha (2023-02-26). "Maireann cuimhne John Joe ‘Goggles’ Doyle i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-29.