Jump to content

Joe Flaherty (polaiteoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Flaherty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithAn Muileann gCearr, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: joefla Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil é Joe Flaherty (rugadh 1969) atá ina chomhalta de Sheanad Éireann ó mhí na Nollag 2024. Bhí sé ina Theachta Dála (TD) do Dháilcheantar An Longfoirt-an Iarmhí ó 2020 go 2024.[1]

Comhthoghadh Flaherty ar Chomhairle Contae Longfoirt sa bhliain 2018, agus atoghadh é sa bhliainn 2019.[2] Ba é an t-aon TD é a bhí lonnaithe i Longfort agus a cuireadh chun na Dála i dtoghchán 2020.

Sa bhliain 2020, díreach tar éis dó a bheith tofa mar Theachta Dála, scríobh Flaherty litir chun na cúirte thar ceann triúr fear a ciontaíodh in ionsaí, agus dúirt an t-iar-aire Dlí agus Cirt, Charles Flanagan go raibh sé “dangerous” do Theachtaí Dála iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar chinntí breithiúnacha (Béarla: influence judicial decisions ). Dúirt Flaherty go raibh aiféala air an litir a scríobh.[3]

Tá Flaherty ina stiúrthóir bainistíochta ar chuideachta nuachtáin. Tá sé pósta ar Niamh Donlon agus tá triúr clainne acu.[2]

Chaill sé a shuíochán in olltoghchán 2024. Ar an 10 Nollaig 2024, d'ainmnigh an Taoiseach chun an tSeanaid é.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtrascha

[cuir in eagar | athraigh foinse]