My Belarusy
| Teideal bunaidh | Teimpléad:Trim single quotes |
|---|---|
| Foirm cheoil | amhrán |
| Sámpla ceoil | |
| Tonúlacht | mórghléas F |
| Cumadóir | Niescier Sakałoŭski |
| Liriceoir | Mikhas Klimkovich agus Uladzimir Karyzna |
| Teanga an tsaothair nó an ainm | an Bhealarúisis |
| Dáta a bunaíodh | 2 Iúil 2002 |
| Dáta foilsithe | 1955 |
Is é "My Belarusy" (Bealarúisis: Мы, беларусы, Rúisis: Мы, белорусы, "Sinne, na Bealarúisigh") teideal neamhoifigiúil amhrán náisiúnta na Bealarúise agus céad líne liricí an amhráin. Tá an t-ainm "Amhrán Stáit Phoblacht na Bealarúise" (Bealarúisis: Дзяржаўны гімн Рэспублікі Беларусь, Rúisis: Государственный гимн Республики Беларусь) ar "My Belarusy" go hoifigiúil. Scríobhadh agus glacadh leis an amhrán sa bhliain 1955 chun a bheith mar amhrán náisiúnta ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Chum Niescier Sakałoŭski ceol an amhráin agus scríobh Mikhas Klimkovich liricí amhrán náisiúnta PSS na Bealarúise.
I ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh, coimeádadh an ceol ar scríobh Sakałoŭski ach níor coimeádadh na liricí. Glacadh le liricí nua, ar scríobh Klimkovich agus Uladzimir Karyzny, nuair a eisíodh Foraithne ón Uachtarán an 2 Iúl 2002. Is éard atá i gceist le liricí an amhráin sa lá atá inniu ann ná Bealarúis chairdeachais, arna tabhairt onóir d'iar-chathanna míleata agus arna breathnú ar aghaidh go dtí an todhchaí. Coinníodh leis an gceol mar gheall ar a cheangail stairiúla do Bhealarúis.