Jes Staley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJes Staley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Nollaig 1956
67 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifigeach feidhmiúcháin Barclays
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Bowdoin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbaincéir, príomhoifigeach feidhmiúcháin Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirBarclays Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
20 Eanáir 2020Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2020
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018
17 Eanáir 2017Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2017
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínPeter Staley

Twitter: JAMESST35919959 Cuir in eagar ar Wikidata

Is baincéir Meiriceánach é James Edward “Jes” Staley (a rugadh 27 Nollaig 1956) agus iar-phríomhoifigeach feidhmiúcháin (POF) an ghrúpa Barclays. D’éirigh sé as mar POF ar 1 Samhain 2021, agus tháinig CS Venkatakrishnan i gcomharbacht air.[1] Tá taithí beagnach dhá scór bliain ag Staley ar bhaincéireacht agus ar sheirbhísí airgeadais. Chaith sé 34 bliain ag banc infheistíochta JP Morgan,[2] sa deireadh thiar thall bhí sé ina POF. Sa bhliain 2013 bhog sé go BlueMountain Capital, agus i mí na Nollag 2015, rinneadh POF de Barclays de.[3] I mí na Samhna 2021 d’éirigh Staley as a phost i measc fiosrúcháin rialála le fáil amach ar thug sé “fianaise mhíthreorach” faoina chaidreamh leis an airgeadaí agus leis an gciontóir gnéis Jeffrey Epstein.[4][5]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Staley ar Nollaig 27, 1956(1956-12-27) i mBostún, Massachusetts.[6] Bhí a athair, Paul R. Staley, ina uachtarán agus ina Phríomhfheidhmeannach ar PQ Corporation, comhlacht ceimiceach,[7] a shocraigh a theaghlach ar deireadh lasmuigh de Philadelphia, Pennsylvania. Bhí a sheanathair, Edward Staley, ina phríomhfheidhmeannach ar WT Grant ag an am nuair a rinne an comhlacht iarratas ar fhéimheacht sa bhliain 1976.[6] Is gníomhaí SEIF é a dheartháir, Peter Staley.[8]

Ghnóthaigh Jes Staley céim cum laude san eacnamaíocht ó Choláiste Bowdoin.[9]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1979, tar éis dó céim a bhaint amach, chuaigh Staley isteach i Morgan Guaranty Trust Co. i Nua-Eabhrac.[9] Ó 1980 go 1989, d'oibrigh sé i rannán Mheiriceá Laidineach an bhainc, áit a raibh sé ina cheannaire ar airgeadas corparáideach don Bhrasaíl agus ina bhainisteoir ginearálta ar ghnólacht bróicéireachta Brasaíleach na cuideachta. Sna 1990idí luatha, bhí Staley ar dhuine de bhunaitheoirí ghnó cothromais J.P. Morgan agus reáchtáil sé na grúpaí Equity Capital Market agus Syndicate. In 1999, bhí sé ina cheannaire ar rannán Baincéireachta Príobháidí an bhainc a chuir feabhas faoi thrí ar bhrabúsacht le linn dhá bhliain faoina cheannaireacht. Sa bhliain 2001 fuair sé ardú céime chuig POF J.P. Morgan Asset Management agus bhí sé i gceannas ar an roinn go dtí 2009.[10] Le linn a thréimhse, mhéadaigh sócmhainní cliaint J.P. Morgan Asset Management ó $605 billiún go beagnach $1.3 trilliún.[6] In 2009, tugadh ardú céime do Staley go Príomhfheidhmeannach an Bhainc Infheistíochta.[11] Sa phost seo, bhí Staley freagrach as maoirsiú agus comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí idirnáisiúnta an chomhlachta thar gach réimse gnó.[12]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Barclays boss Jes Staley in shock exit over Epstein inquiry". BBC News (November 1, 2021). Dáta rochtana: November 1, 2021.
  2. Saunders, Andrew (October 13, 2015). “Barclays hires an American to try and beat the Americans”. Management Today.
  3. "Barclays confirms Staley as new chief" (en-GB). BBC News (October 28, 2015). Dáta rochtana: April 10, 2020.
  4. Eamonn Holmes ‘leaving This Morning to join GB News’” (en). the Guardian (2021-11-12). Dáta rochtana: 2021-11-15.
  5. Leroux, Marcus. "MPs expected to quiz Barclays chief over links to billionaire sex offender" (en). Dáta rochtana: 2021-11-15.
  6. 6.0 6.1 6.2 McDonald, Duff (April 16, 2010). "The other guy you need to know at J.P. Morgan". CNNMoney.com. Fortune. Dáta rochtana: June 1, 2010.
  7. Hamilton, Lynn (November 22, 1990). "Pq Corp. Names Top Executives". philly. Dáta rochtana: October 28, 2015.
  8. Peter Staley, AIDS victim”. POZ Blogs (June 18, 2008). Dáta rochtana: November 10, 2015.
  9. 9.0 9.1 Corkey, Michael (September 29, 2009). "A Dossier on Jes Staley: J.P. Morgan's Next CEO?". Wall Street Journal. Dáta rochtana: June 1, 2010.
  10. James E. Staley”. Bloomberg Businessweek (May 31, 2010). Dáta rochtana: June 1, 2010.
  11. Comlay, Elinor (September 29, 2009). "JPMorgan reshuffles leadership in succession clue". Reuters. Dáta rochtana: June 1, 2010.
  12. Fitzpatrick, Dan (June 25, 2011). "J.P. Morgan Overhauls Management". Wall Street Journal. Dáta rochtana: June 15, 2011.