Jean Renart
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1170í Soissons |
| Bás | 13 haois |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Filíocht agus litríocht |
| Gairm | scríbhneoir, cumadóir, file |
| Tréimhse oibre | 12 haois – 13 haois |
| Teangacha | An Fhraincis |
| Urraitheoir | Milo of Nanteuil (en) |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Ainm cleite ab ea Jean Renart (nó Jehan Renart nó Jean Renaut). Do bhí an t-ainm cleite seo in úsáid ag scríbhneoir a raibh saothair á gcumadh insan tSean-Fhraincis aige ag deireadh na 12ú haoise agus ag tús na 13ú haoise. Is cosúil gur rugadh in Île-de-France é agus go raibh cónaí i dtigh Chunta Bhoulogne air. Do bhí an t-easpag Milon de Nanteuil ina chaomhnóir aige. Dar leis an scoláire Rita Lejeune, ba é Hugues de Pierrepont, prionsa-easpa Liège, fíorainm an fhir a bhí taobh thiar de 'Jean Renart'.[1]
Tá trí cinn de shaothair againn sa lá atá inniubh ann a bhfuiltear cinnte gurb é Jean Renart a chum iad. Is iad saothair Jean Renart ná: L'Escoufle (Gaeilge: 'An Cúr'), a bhfuil 9,000 véarsaí ann; Le Lai de l'Ombre (Gaeilge: 'Laoi an Scátha' ), saothar cúirtéiseach a bhfuil 962 véarsaí ann; agus Le Roman de la Rose (Gaeilge: 'Rómáns an Róis'), saothar a thug an daonnachaí Claude Fauchet Guillaume de Dole air insan 16ú haois, a bhfuil 5,656 véarsaí ann.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Rita Lejeune, « Jean Renart, pseudonyme littéraire de l'évêque de Liège, Hugues de Pierrepont (1200-1229) », Revue belge de philologie et d'histoire, 77:2, 1999, lch 271-297.