Jane Horney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJane Horney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Iúil 1918
Paróiste Gustav Vasa, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Eanáir 1945
26 bliana d'aois
Øresund Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAnna Sandströms skola (en) Aistrigh (1926–1928) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmspiaire Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileHerje Granberg Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFredrik Horney

Bean Shualannach ab ea "Jane" Ebba Charlotta Horney (8 Iúil 1918 – 20 Eanáir 1945), a gcreidtear go raibh sí ina spiaire sa Danmhairg ar son na Gearmáine Naitsíche, agus a mharaigh gluaiseacht fhrithbheartaíochta na Danmhairge ar bhád iascaireachta ar Øresund, cé nár dearbhaíodh riamh ar son cén náisiúin a d'oibrigh sí i bhfírinne. Chreid an Gestapo sa Danmhairg gur gníomhaire ar son na Breataine nó an Aontais Shóivéadaigh í, agus tar éis an Dara Cogaidh Dhomhanda shéan siad go raibh sí riamh ina gníomhaire Gestapo. Shéan oifigigh Abwehr mar an gcéanna, nuair a d'iarradh Säpo (seirbhís faisnéise na Sualainne) orthu, go raibh sí ina gníomhaire dóibhse.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tore Pryser: Kvinner i hemmelig tjeneste (p. 193), edited by Cappelen, Oslo 2007, ISBN 978-82-02-27462-7