Jan von Werth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Jan von Werth.jpg

Ginearál Gearmánach ba ea Johann Graf von Werth (1591-1652), ar a dtugtar Jan von Werth de ghnáth.

Scéal Jan is Griet[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar dhuine óg bocht le linn an Chogaidh Tríocha Bliain, bhí Jan von Werth ina chónaí i Köln. Cé go raibh sé bocht, ba mhian leis dul chun cinn a dhéanamh. Thit sé i ngrá le Griet, cailín álainn a bhí ina searbhónta i dteach ceannaí shaibhir. Deirtear go bhfaca sé den chéad uair í nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na capaill sa mhargadh ina mbíodh sise ag ceannach an bhia gach lá. Bhí seisean ag iarraidh í a phósadh, ach bhí sí ag iarraidh duine saibhir a phósadh ina áit, agus chuir sí chun siúil é.

Tar éis di é a dhiúltú, chuaigh sé san arm agus thaistil sé tríd an Eoraip, chomh fada ar shiúl ó Köln agus ó Ghriet agus ab fhéidir leis dul. Saighdiúir cumasach calma a bhí ann agus le himeacht aimsire, d'éirigh sé go maith cáiliúil. Thosaigh sé mar shaighdiúir coise coitianta ach ag deireadh an chogaidh bhí sé ina ghinearál marcshlua.

Jan-von-Werth (Wilkinus).jpg

Fuair sé bua mór ar na Francaigh ag Caisleán Ehrenbreitstein ar an Réin i ngar do Koblenz, a d'oscail an Réin don trádáil arís. Bhí sé seo uafásach tábhachtach do Köln agus dá bhrí sin, d'fhill sé ar an mbaile mar laoch. Bhí gach duine ann chun an laoch a fheiceáil, bhí geataí an bhaile oscailte, agus eisean ag marcaíocht go bródúil ar chapall ard tríd an mbaile buíoch. Nuair a shroich sé áit an mhargaidh ar a raibh cuimhne aige as laethanta a óige, thug sé faoi deara bean íseal ag díol torthaí le taobh an bhóthair. Níor chreid sé a dhá shúil – Griet a bhí ann.

Jan van Werth, Aldegundiskirche in Kaarst-Büttgen

D'fhéach sé síos uirthi agus dúirt sé, i dteanga áitiúil Köln,

‘Jriet, wä et hätt jedon!’ - 'Griet, dá mbeadh sé déanta agat!' (= Dá mbeifeá do mo phósadh) Arsa sise, ‘Jan, wä et hätt jewoss!’ - Jan, dá mbeadh a fhios agam!

Agus ní raibh críoch shona ar an scéal - deirtear gur mharcaigh sé ní b'fhaide is d'fhág sé í tar éis sin agus nach bhfaca sí arís é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]