Jacksepticeye
Jacksepticeye | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | An Clochán, 7 Feabhra 1990 (32 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Éire |
Oideachas | |
Alma mater | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain : bainistíocht óstán |
Gairm | |
Gairm | cruthaitheoir YouTube agus léiritheoir teilifíse |
Duaiseanna | |
Ainmníodh é/í le haghaidh | [[The Game Awards − Content Creator of the Year (en) ]] (2016) |
IMDb | nm7681921 |
jacksepticeye.com | |
jacksepticeye | |
Jack_Septic_Eye agus Jacksepticeye | |
TikTok | jacksepticeye |
Seán William McLoughlin, aithnid ar YouTube mar JackSepticEye nó Jack. Is YouTuber as Éireann é agus tá sé aithnid lena 'Lets Plays' ag imirt cluiche ríomhaire agus ag déanamh vlaganna. Is dlúthchairde é le Mark Fischbach nó Markiplier. Déanann siad cluiche ag am go ham.
Gairm ar an idirlíon[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maíonn Jack go bhfuil sé ar an Youtubálaí is fuinniúla ar YouTube. Tá níos mó ná 28.4 milliún síntiúsóirí (ó Mheitheamh 2022) aige, agus tá níos mó ná 1.7 míle físeán aige, atá breathnaithe orthu 15.2 billiún uair.
Dhéanadh sé dhá fhíséan gach lá, ach tá an méid sin laghdaithe anois. Uaireanta déanann sé físeán ag imirt The Sims 4, Subnautica, Happy Wheels, The Escapists agus Agar.io. Uaireanta déanann sé vlag ag caint faoina chainéal.
Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhreastail sé ar ollscoil in Éirinn dhá uair. An chéad uair rinne sé staidéar ar thechnólaíocht ceoil. Níor chríochnaigh sé an chéim sin. An dara huair, rinne sé staidéar ar bhainistíocht óstán agus fuair sé an chéim sa bhliain 2014.