Jász

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil

Treibh Ungárach is ea iad na Jász a bhfuil cónaí orthu sa cheantar ar a dtugtar Jászság, timpeall na cathrach úd Jászberény. Chuir siad fúthu san Ungáir an chéad uair sa tríú haois déag, in éineacht leis na Cúmánaigh. San am sin, ba dream eitneach ar leith iad, agus teanga Iaránach ó dhúchas acu a bhí an-chosúil leis an Óiséitis. Rinne an Rí Ungárach Béla IV Árpád iarracht dul i gcomhghuaillíocht leis na Cúmánaigh agus na Jász le cogadh a chur in éineacht ar an gcomhnámhaid, is é sin, na Mongólaigh a bhí díreach ag bagairt ar an Ungáir. Ní raibh na huaisle Ungáracha sásta leis an gcomhghuaillíocht, áfach, agus ruaigeadh an dá dhream seo as an Ungáir go gairid ina dhiaidh sin. D'fhorghabh na Mongólaigh an Ungáir ansin, agus chuaigh an Rí Béla ar an gcoigríoch le teacht slán uathu. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig an nuacht ón Mongóil go raibh an Cán Ögedei, rí na Mongólach, tar éis bháis, agus d'fhill na Mongólaigh abhaile ansin. Nuair a bhí na Mongólaigh bailithe leo as an tír, cheadaigh Béla do na Jász filleadh, agus shocraigh siad síos i lár an mhachaire Ungáraigh le dul le tréadaíocht ainmhithe mar shlí bheatha.

Jász-Nagykun-Szolnok san Ungáir

De réir a chéile, chaill siad a dteanga agus a nósanna, agus iad ag dul chun Ungárachais agus ag labhairt Ungáirise. Mar sin féin, choinnigh siad a bhféinrialtas mar aonad ar leith i ríocht na hUngáire go dtí an bhliain 1876.

Thángthas ar iarsmaí na teanga Jász i Leabharlann Náisiúnta na hUngáire sna 1950idí. Bhí na saineolaithe ábalta gramadach agus foclóir na teanga a anailisiú agus a mhíniú, agus iad ag dul i dtuilleamaí na hÓiséitise, teanga Iaránach a labhraítear sna Sléibhte Cugasacha.