Iseatrópach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma a chuireann in iúl go bhfuil airíonna ábhair mar an gcéanna i ngach aon treo tríd. Mar shampla, bíonn miotail iseatrópach de bhrí go mbíonn airíonna mar sheoltacht leictreach is theirmeach, modal Young, agus neart inteannta mar an gcéanna i dtreo ar bith ar fud aon phíosa den mhiotal. I gcontrárthacht leis seo, tá ábhair eile ainiseatrópach, ionas nach mbíonn a n-airíonna mar an gcéanna i ngach treo. Sampla coiteann is ea adhmad a bhíonn níos láidre i dtreo na snáithí ná trasna na snáithí. Bíonn ainiseatrópacht i gcriostail thréshoilseacha áirithe, ionas go léiríonn siad dé-athraontas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iseatrópach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 378.