Iseaghuairne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic núicléach is fisic na gcáithníní, candamuimhir veicteoireach a imchoimeádtar in idirghníomhuithe láidre núicléacha amháin, áisiúil chun na himoibrithe ceadaithe a dhéanamh amach is na cáithníní a rangú. Tugtar an ghuairne iseatópach uirthi freisin. Mar shampla, bíonn veicteoir iseaghuairneach d'fhad ½ aonad ag neodróin is prótóin, dírithe suas i gcás na bprótón agus síos i gcás na neodrón. Bíonn an fórsa núicléach láidir neamhspleách ar threoshuíomh an veicteora seo, ag freagairt don fhíoras go bhfuil sé neamhspleách ar an lucht leictreach. Is samhail í den chandamuimhir ghuairneach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iseaghuairne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 378.