Iris Robinson
Polaiteoir aontachtach de chuid Thuaisceart Éireann is ea Iris Robinson (rugadh 6 Meán Fómhair 1949, Béal Feirste, Tuaisceart Éireann, faoin ainm Iris Collins). Tá sí pósta le Peter Robinson, an chéad aire reatha. D'admhaigh sí le déanaí go raibh caidreamh collaí aici le fear 19 mbliana d'aois. Deir lucht a cáinte go dtagann seo salach ar an moráltacht a mbíonn sí ag maíomh as go minic, ach go háirithe a cuid cainte faoi dhaoine aeracha agus homóghnéasacha.
Barúlacha ar adhaltranas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhaígh Iris Robinson faoi Hillary Clinton, Státrúnaí SAM agus bean chéile an iar-Uachtaráin Bill Clinton, an méid seo a leanas:
- "No woman would put up with what she tolerated from her husband when he was president. She was thinking only of her future political career. It's all about power and not principle."
Faoin am seo, bhí sé líomhnaithe go raibh caidreamh gnéis ag Bill Clinton le hintéirneach an Tigh Bháin, Monica Lewinsky.[1][2] Bhí sé luaite faoi Iris Robinson nach raibh sí ag dúil go mbeadh an Seanadóir Clinton tofa ina huachtarán.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Peter Robinson goes back to work Curtha i gcartlann 2012-09-10 at Archive.today (en)
- ↑ The world according to Iris Curtha i gcartlann 2010-01-12 ar an Wayback Machine - Sunday Tribune (en)