Ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn
| ||||
Cineál | rúisc urchar | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 16 Márta 1988 | |||
Suíomh | Reilig Bhaile an Mhuilinn, Northern Ireland Béal Feirste, Northern Ireland | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 3 | |||
Líon gortaithe | 60 | |||
Tharla ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn ar an 16 Márta 1988; d’ionsaigh ball den UDA, Michael Stone, slua ag tórramh i Reilig Bhaile an Mhuilinn i mBéal Feirste; maraíodh triúr agus gortaíodh trí scór duine.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 6 Márta 1988, mharaigh SAS na Breataine triúr ball den IRA, Máiréad Farrell, Seán Savage & Daniel McCann, i nGiobráltar in "Oibríocht Flavius".
Reilig Bhaile an Mhuilinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Michael Stone, ball den UDA, ag freastal ar shochraid Triúr Gibraltar ag Reilig Bhaile an Mhuilinn nuair a d’ionsaigh sé lucht na sochraide go tobann. D’fhág a ruathar le gránáidí agus le gunnaí triúr marbh i measc na n-uaigheanna.
Lámhacadh Caoimhín Mac Brádaigh, Thomas McErlean agus John Murray agus iad ag rith sa tóir ar Stone. Buaileadh go dona é ach d'éirigh leis an dílseoir an mótarbhealach M1 a bhaint amach,[2] "áit ar ghabh – nó ar tharrtháil – an RUC é. Bhí siad ag fánacht ann i veain bán ná raibh marcanna ar bith air a thabharfadh le fios gur veain de chuid an RUC a bhí ann".[3][4]
Sa leabhar a scríobh Stone tar éis gur saoradh ó phriosún é,[5] d’inis sé go raibh ball mná den RUC i gcúl an veain agus gur phóg sí é lena háthas faoin ‘éacht’ a bhí déanta aige a chur in iúl. "Tá go leor amhrais ann freisin faoi na gunnaí agus na gránáidí agus cén áit a fuarthas iad – ceaptar gur ó na fórsaí slándála a tháinig siad".[3]
Uafás eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 19 Márta 1988, bhí na mairbh ó shléacht na reilige á gcur. Ach thiomáin beirt saighdiúirí Breataineacha isteach sa slua. Bhí siad gléasta in éadaí sibhialta.[6] Ag tórramh Chaoimhín Mhic Bhrádaigh, an t-óglach a rinne iarracht Michael Stone a stopadh, a tharla an eachtra. Maraíodh na saighdiúirí go brúidiúil, beirt bhall d’arm na Breataine, gar do Pháirc Mhic Easmuinn.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí droch-chaidreamh idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine mar thoradh ar na heachtraí seo agus na líomhaintí a bhí déanta ag iar-leas-Phríomhchonstálba Mhanchain, John Stalker, agus ar mharú Aidan McAnespie agus é ag trasnú na teorann in Achadh na Cloiche.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Breandán Delap (2019). "Neart gan réiteach… Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil i bpáipéir an stáit ó thríocha bliain ó shin" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ "Michael Stone: Maverick Milltown assassin earned worldwide notoriety" (en). www.newsletter.co.uk (2018). Dáta rochtana: 2021-03-16.[nasc briste go buan]
- ↑ 3.0 3.1 Blag igaeilge (2008-03-08). "Ó Shinn Féin go Siad Féin" (ga). iGaeilge. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ ach tugann na grianghrafanna ón lá sin imprisean eile... féach an Newsletter thuas
- ↑ Michael Stone (2003). "None Shall Divide Us" ISBN: 9781843589723" (en). Kobo. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ Tony Birtill (EAGRÁN 84 · AIBREÁN 2008). "Beatha agus bás Sheáin Savage" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-16.