Ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn
Map
 54°35′00″N 5°58′38″W / 54.5833°N 5.9772°W / 54.5833; -5.9772
Cineálfusillade (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana16 Márta 1988 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhReilig Bhaile an Mhuilinn, Northern Ireland
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna3 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe60 Cuir in eagar ar Wikidata


Cuimhneachán

Tharla ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn ar an 16 Márta 1988; d’ionsaigh ball den UDA, Michael Stone, slua ag tórramh i Reilig Bhaile an Mhuilinn i mBéal Feirste; maraíodh triúr agus gortaíodh trí scór duine.[1]

Reilig Bhaile an Mhuilinn

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reilig Bhaile an Mhuilinn

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 6 Márta 1988, mharaigh SAS na Breataine triúr ball den IRA, Máiréad Farrell, Seán Savage & Daniel McCann, i nGiobráltar in "Oibríocht Flavius".

Reilig Bhaile an Mhuilinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí  Michael Stone, ball den UDA, ag freastal ar shochraid Triúr Gibraltar ag Reilig Bhaile an Mhuilinn nuair a d’ionsaigh sé lucht na sochraide go tobann. D’fhag a ruathar le gránáidí agus le gunnaí triúr marbh i measc na n-uaigheanna.  

Lámhacadh Caoimhín Mac Brádaigh, Thomas McErlean agus John Murray agus iad ag rith sa tóir ar Stone. Buaileadh go dona é ach d'éirigh leis an dílseoir an mótarbhealach M1 a bhaint amach,[2] "áit ar ghabh – nó ar tharrtháil – an RUC é. Bhí siad ag fánacht ann i veain bán ná raibh marcanna ar bith air a thabharfadh le fios gur veain de chuid an RUC a bhí ann".[3][4]

Sa leabhar a scríobh Stone tar éis gur saoradh ó phriosún é,[5] d’inis sé go raibh ball ban den RUC i gcúl an veain agus gur phóg sí é lena h-athas faoin ‘éacht’ a bhí déanta aige a chur in iúl.   "Tá go leor amhrais ann freisin faoi na gunnaí agus na gránáidí agus cén áit a fuarthas iad – ceaptar gur ó na fórsaí slándála a tháinig siad".[3]

Uafás eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 19 Márta 1988, bhí na mairbh ó shléacht na reilige á gcur. Ach thiomáin beirt saighdiúirí Breataineacha isteach sa slua. Bhí siad gléasta in éadaí sibhialta.[6] Ag tórramh Chaoimhín Mhic Bhrádaigh, an t-óglach a rinne iarracht Michael Stone a stopadh, a tharla an eachtra. Maraíodh na saighdiúirí go brúidiúil, beirt bhall d’arm na Breataine, gar do Pháirc Mhic Easmuinn.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí droch-chaidreamh idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine mar thoradh ar na heachtraí seo agus na líomhaintí a bhí déanta ag iar-leas-Phríomhchonstálba Mhanchain, John Stalker, agus ar mharú Aidan McAnespie agus é ag trasnú na teorann in Achadh na Cloiche.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Breandán Delap (2019). "Neart gan réiteach… Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil i bpáipéir an stáit ó thríocha bliain ó shin" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  2. "Michael Stone: Maverick Milltown assassin earned worldwide notoriety" (en). www.newsletter.co.uk (2018). Dáta rochtana: 2021-03-16.[nasc briste go buan]
  3. 3.0 3.1 Blag igaeilge (2008-03-08). "Ó Shinn Féin go Siad Féin" (ga). iGaeilge. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  4. ach tugann na grianghrafanna ón lá sin imprisean eile... féach an Newsletter thuas
  5. Michael Stone (2003). "None Shall Divide Us" ISBN: 9781843589723" (en). Kobo. Dáta rochtana: 2021-03-16.
  6. Tony Birtill (EAGRÁN 84 · AIBREÁN 2008). "Beatha agus bás Sheáin Savage" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-03-16.