Ionsaí Ottawa (2014)
| ||||
Cineál | fusillade (en) ![]() dúnmharú ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 22 Deireadh Fómhair 2014 ![]() | |||
Suíomh | National War Memorial, Ontario (en) ![]() Centre Block, Ontario (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Ceanada ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | sibhialtach ![]() | |||
Líon básanna | 2 ![]() | |||
Líon gortaithe | 3 ![]() | |||

Tharla Ionsaí Ottawa ar an 22 Deireadh Fómhair 2014. Léim fear amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte in Ottawa, príomhchathair Cheanada.[1] Fuair an garda bás tamaill ina dhiaidh.
Thiomáin an fear gunna leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte. Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh sé garda agus duine eile (gortaíodh iad) sular mharaigh garda eile an sceimhlitheoir.

'Sé t-ainm a bhí ar an sceimhlitheoir ná Michael Zehaf-Bibeau, fear a d'fhás suas i gCeanada. Ní raibh ach raidhfil seanfhaiseanta aige agus comhchoirithe ar bith. Andúileach drugaí ab ea é, ar saobhchiall agus meabhairghalar air,[2] agus níorbh aon díograiseoir creidimh é i ndáiríre.[3]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 20 Deireadh Fómhair 2014. thiomáin fear (Martin “Ahmad” Rouleau agus Ioslamach radacach) gluaisteán a bhuail beirt shaighdiúirí a bhí ag siúl ar an gcosán i gcathair St Jean-sur-Richelieu.[4] Maraíodh duine acu (Patrice Vincent). Lean na gardaí Rouleau agus mharaigh siad é.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Aralt Mac Giolla Chainnigh (2014). "Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-22.
- ↑ Daniel Bates (2014-10-24). "Canada's jihadi killer went from Catholic private schoolboy to criminal drug addict just two years after mother's adultery sparked parents' divorce". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-10-22.
- ↑ "Michael Zehaf-Bibeau: Addict, drifter, walking contradiction". www.macleans.ca. Dáta rochtana: 2020-10-22.
- ↑ "2014 Saint-Jean-sur-Richelieu ramming attack" (as en) (2020-08-09). Wikipedia.