Ionad altranais



Cuirtear ionad altranais (nó teacht altranais)[3] ar bun do dhaoine nach féidir leo ach an-bheagán aire a thabhairt dóibh féin, daoine bhreacaosta an chuid is mó.
Sa 21ú haois, tháinig athruithe móra ar rialáil tithe altranais agus an bhéim anois ar chearta na n-áitritheoirí, ar a leas, a ndínit agus a bhfolláine iomlán, seachas ar chóras (sa 20ú haois) a bhí dírithe ar íos-chaighdeáin sábháilteachta a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, d'athraigh úinéireacht na dtithe altranais ó ghrúpaí pobail a bhíodh ag cur na seirbhísí ar fáil go dtí comhlachtaí móra atá ann anois, agus tá dúshláin ag baint leis an bhforbairt seo.[4]
Ionaid altranais in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí thart ar 22,300 duine ina gcónaí in ionaid altranais sa Phoblacht in 2024. Idir 2018-2024, dhún 77 ionad altranais sa Stát le sé bliana mar gheall ar chostais arda. Is i gceantair thuaithe is mó a bhí na hionaid altranais sin, a dúradh.[5]
Scéim Chothrom na Féinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi Scéim Chothrom na Féinne sa Phoblacht, a bunaíodh sa bhliain 2009, íocann daoine méid áirithe as a gcúram agus íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an chuid eile.[6] Dá mhéid sócmhainní atá ag daoine is ea is mó a íocann siad agus, a mhalairt sin go cruinn, dá laghad sócmhainní atá acu is ea is lú a íocann siad. Cuirtear coigilteas agus réadmhaoin san áireamh nuair atá cúinsí airgeadais daoine á measúnú.
Faigheann gach ionad altranais €1,000 ar a laghad as gach áitritheoir in aghaidh na seachtaine.[5]
Rialachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh athbhreithniú neamhspleách sa bhliain 2026. Dúradh sa tuarascáil a rinne Forvis Mazars, gur cheart go mbeadh dualgas ar ghrúpaí tithe altranais nó ar mháthair chomhlachtaí na dtithe altranais cuntas a thabhairt do phríomh chigire an Údaráis rialála.
In Éirinn inniu, is leis an soláthróir cláraithe – an t-aonán dlíthiúil – seachas leis an ngrúpa corporáideach nó an bhfíor-úinéir, a bhaineann freagracht an tí altranais, sa mhéid a bhaineann sé le cúram an Údaráis. Cruthaíonn seo bearnaí móra ó thaobh freagracht a ghlacadh agus cuntas a thabhairt ar chinntí, chomh maith le trédhearcach faoi ghnóthaí airgid.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Oaklodge Nursing Home" (en-GB). Oaklodge Nursing Home. Dáta rochtana: 2026-07-02.
- ↑ carehome.co.uk. "Carlisle". www.carehome.co.uk. Dáta rochtana: 2026-07-02.
- ↑ i mBéarla, nursing home
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-07-02). "Gá le leasú i rialáil tithe altranais, a deir tuarascáil" (as ga-IE).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2024-09-19). "'77 ionad altranais dúnta ar fud an Stáit ó 2018'" (as ga-IE).
- ↑ Citizensinformation.ie. "Scéim Chothrom na Féinne" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-09-22.