Jump to content

Inter-Active Terminology for Europe (IATE)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadInter-Active Terminology for Europe
Cineálbanc sonraí téarmaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1999 Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreán gréasáiniate.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Bunachar téarmaíochta idirinstitiúideach an Aontais Eorpaigh is ea Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip[1] (Béarla: Inter-Active Terminology for Europe (IATE)). Is sa bhliain 1999 a seoladh an bunachar seo, arbh é mar aidhm aige bunachar a chur ar bun i gcomhair théarmaíocht uile an Aontais Eorpaigh ionas go mbeadh teacht gan dua uirthi agus ionas go bhféadfadh na hinistiúidí Eorpacha go léir an téarmaíocht chéanna a úsáid. Tá IATE in úsáid sna hinistiúidí Eorpacha ó bhí samhradh 2004 ann. An 28 Meitheamh 2007 seoladh leagan poiblí de.[2]

Tá ós cionn 1.4 milliúin téarma i dtrí theanga oifigiúla is fiche an Aontais cnuasaithe in IATE, téarmaí a bhí ann roimhe sin i mbunachair téarmaíochta éagsúla de chuid na n-institiúidí Eorpacha.

  1. "IATE #1091047". iate.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-11-03.
  2. "A single database for all EU-related terminology (InterActiveTerminology for Europe) in 23 languages opens to the public". AE (2007-06-28). Dáta rochtana: 2008-01-11.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]