Institiúid an Teampaill
Jump to navigation
Jump to search
Is músaem, institiúid taighde agus ionad oiliúna in Iarúsailéim í Institiúid an Teampaill nó Machon HaMikdash in Eabhrais (Eabhrais: מכון המקדש). Yisrael Ariel a bhunaigh í sa bhliain 1987. Tá an institiúid tiomnaithe do Theampall Naofa na nGiúdach: Chéad agus Dara Teampall na staire agus an Tríú Teampall. Rinne an Raibí Ariel pleananna an Teampall a atógáil ar Chnoc an Teampaill, suíomh an chéad dá theampall. Cuspóir conspóideach é seo toisc áiteanna naofa Muslamacha a bheith ar an gcnoc céanna, Cruinneachán na Carraige mar shampla. Déanann an Institiúid taighde agus athdhéanamh ar réada agus éadaí deasghnácha a bhíodh in úsáid sa dá sheanteampall anallód, de réir an Bhíobla.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Institiúid an Teampaill |