Innealtóireacht mheicniúil
Cuma
Brainse innealtóireachta ina ndéantar meaisíní de gach saghas a dhearadh, a thógáil is a fheidhmiú. Tagann táirgeadh is feidhmiú fuinnimh mheicniúil san áireamh freisin. Bíonn innealtóirí meicniúla ag dearadh, ag tástáil is ag feabhsú inneall chun cumhacht áisiúil mheicniúil a ghiniúint ó ghal, peitreal, fuinneamh núicléach is foinsí eile, agus raon leathan meaisíní gaolmhara. Rinneadh réimse ar leith den innealtóireacht mheicniúil nuair a tugadh innill gaile isteach i gcúrsaí déantúsaíochta sa 19ú céad leis an Réabhlóid Thionsclaíoch a ghéarú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht mheicniúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |