Imoibriú suimithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imoibriú ceimiceach ina gcuimsíonn an toradh na hadaimh uile as na himoibreáin uile. Mar shampla, sa pholaiméiriú suimithe chun polaiteitiléin a dhéanamh, suimítear monaiméir i ndiaidh monaiméire mar a bheadh coirníní ar bhraisléad, agus gach adamh den mhonaiméir mar dhlúthchuid den pholaiméir líneach. Aducht a thugtar ar thoradh a leithéid seo imoibrithe.