Inghearradh (cló)
Cuma
(Athsheolta ó Imghearradh (cló))
I ngreanphriontáil, bealach chun cló a dhéanamh. Gearrtar an dearadh (téacs, íomhá, líníocht nó eile) i bpláta miotail, brúitear an dúch isteach sna línte gearrtha, agus cuimlítear an farasbarr den dromchla maol. Cuirtear páipéar tais ar barr, agus rolltar an páipéar is an pláta trí fháisceán. Tá an modh seo difriúil ó mhodhanna eile ina mbíonn an dúch ar dhromchlaí ardaithe an phláta nó an bhloic. Modh an-choitianta in irisleabhair ildaite.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Imghearradh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 365.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |