Inghearradh (cló)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I ngreanphriontáil, bealach chun cló a dhéanamh. Gearrtar an dearadh (téacs, íomhá, líníocht nó eile) i bpláta miotail, brúitear an dúch isteach sna línte gearrtha, agus cuimlítear an farasbarr den dromchla maol. Cuirtear páipéar tais ar barr, agus rolltar an páipéar is an pláta trí fháisceán. Tá an modh seo difriúil ó mhodhanna eile ina mbíonn an dúch ar dhromchlaí ardaithe an phláta nó an bhloic. Modh an-choitianta in irisleabhair ildaite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Imghearradh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 365.