Idwal Foel
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | i. 885 (Féilire Ghréagóra) Tiarnas Gwynedd |
Bás | 942 (Féilire Ghréagóra) 56/57 bliana d'aois Tiarnas Gwynedd |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teangacha | An Bhreatnais |
Teaghlach | |
Teaghlach | Ríshliocht Aberffraw |
Céile | unknown (?) (en) |
Páiste | Iago ab Idwal, Rhodri ab Idwal Foel, Ieuaf, Meurig ab Idwal Foel |
Athair | Anarawd ap Rhodri agus NN (en) |
Bhí Idwal Foel ab Anarawd (d'éag 942 ), ina rí Gwynedd ó 916 go dtí a bhás.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Idwal ríchathaoir Gwynedd le hoidhreacht ar bhás a athar, Anarawd ap Rhodri, sa bhliain 916 . Bhí air ómós a thabhairt d'Aethelstan Rí Shasana. Tar éis bháis Áthelstan, d’éirigh Idwal agus a dheartháir Elisedd in éirí amach in aghaidh na Sasanach, ach maraíodh iad beirt i gcath sa bhliain 942 . [1]
D’fhéadfaí a bheith ag súil go roinnfí ríocht Gwynedd anois idir chlann mhac Idwal, Iago ab Idwal agus Idwal, ar a dtugtar sna croinic Ieuaf ab Idwal . Mar sin féin, d'ionsaigh Hywel Dda, Rí na Deheubarth, Gwynedd agus ruaig sé clann mhac Idwal . Tar éis bás Hywel sa bhliain 950, d'éirigh le clann mhac Idwal an ríocht a fháil ar ais. [1]