IdirThrádáilÉireann
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais |
Réimse oibre | trádáil |
Suíomh gréasáin | intertradeireland.com |
Ceann de na sé comhlachtaí uile-Éireann is ea 'An Comhlacht Forbartha Trádála agus Gnó', nó IdirThrádáilÉireann (Béarla: InterTradeIreland, Albainis Uladh: NifferinMercatAirlann), a cuireadh ar bun mar chuid d'forfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Cé go bhfuil sainchúram soiléir oibriúcháin aige, feidhmíonn sé faoi stiúir iomlán na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas nó CATT, agus freagracht áirithe air freisin i leith na Comhairle, an Oireachtais agus Thionól Thuaisceart Éireann agus freisin i leith na Rann Airgeadais agus na Rann eile rialtais atá freagrach as a mhaoiniú i ngach ceann den dá dhlínse. Bunaíodh Idir-Thrádáil Éireann chun faisnéis a mhalartú agus obair a chomhordú maidir ar thrádáil, fhorbairt gnó agus nithe gaolmhara, i réimsí ina n-aontaíonn lucht an dá riaracháin go sonrach go mbeadh sé ina leas frithpháirteach dóibh. Is é an Dr David Dobbin an Cathaoirleach agus an tUasal John Fitzgerald an Leas-Chathaoirleach. Is é an tUasal Liam Nellis Príomhfheidhmeannach an chomhlachta. Is é misean na heagraíochta ná:
- "Feabhas a chur ar iomaíochas domhanda an gheilleagair uile-oileánda chun an sochar frithpháirteach na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann trí bhearta ar nós cruthú dianeolais trádála uile-oileáin agus líonraí gnó a fhorbairt agus a chur chun feidhme uile-oileáin chláir forbartha trádála agus gnó. "
Bord reatha IdirThrádáilÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse](Eanáir 2008)
- Cathaoirleach - David Dobbin
- Leas Cathaoirleach - John Fitzgerald
- Brendan Butler
- Ray Doherty
- Rosaleen Doherty
- Sean Gallagher
- Jack Gilmour
- Hugh Logue
- Pádraig Mac Lochlainn
- Patricia McKeown
- An Dr Gerard O'Hare
- Tom Scott