Ibn Hajar al-Asqalani
Ileolaí, dlí-eolaí agus scoláire de chuid Ioslam ab ea Ibn Hajar al-Asqalani (ابن حجر العسقلاني, nó Shihāb al-Dīn Abū ‘l-Faḍl Aḥmad ibn Nūr al-Dīn ʿAlī ibn Muḥammad ibn Ḥajar al-ʿAsqalānī al-Kināni) (18 Feabhra 1372 – 2 Feabhra 1449 / 773 - 852 A.H.).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ibn Hajar al-Asqalani i gCaireo, a bhí chun tosaigh sa madhhab Shafi`i (ceann de na ceithre ghluaiseacht maidir leis an dlí Ioslamach atá chun tosaigh i measc na Moslamach Sunnaíoch).[1]
Scoláire bisiúil ba ea Ibn Hajar a bhfuil tionchar mór aige fós, ar fearr aithne air as an tráchtaireacht a rinne sé ar an Sahih al-Bukhari (atá i measc na mbailiúchán d'fhocail agus gníomhartha de chuid fháidh Ioslam, Muhammad, a nglactar leo is forleithne.)
Bhí Ibn Hajar ina phríomh-qadi (breitheamh) le haghaidh an madhhab Shafi`i faoi Shabhdánacht na Mamalúcach ar roinnt ócáidí agus tá sé gairthe as bheith ina Shaykh al-Islām, in éineacht le níos lú ná fiche scoláire eile sna hocht gcéad bliain sula ndearna na hOtamánaigh post ceaptha de, i ngrádlathas an chórais riaracháin a bhí acu.
Bhí a bhean chéile, Anas Khatun, ina scoláire Ioslamach mór le rá freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Ibn Hajar al-Asqalani" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-18.