Iarmhairt fhótavoltach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Táirgeadh srutha leictrigh trí sholas a lonrú ar dhromchla ábhair ar leith, leathsheoltóir de ghnáth. Cruthaítear na hiompróirí luchta trí fhóta-ianú. Chun sruth áisiúil a chruthú, is gá go dtarlóidh sé seo i gcomhchumar p-n, ionas go scarann an difríocht poitéinsil trasna an chomhchumair na hiompróirí luchta. Is é seo bunphróiseas na ngriancheall.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt fhótavoltach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 359.