Ianphlátáil
Cuma
Plátáil dromchla mhiotalaigh trí é a nochtadh d'iain mhiotail, a ghintear trí dhíluchtú nó ar mhodh teirmianach. Dírítear na hiain ar an dromchla tríd an dromchla a cheangal mar chatóid i bhfeadán díluchtaithe faoi bhrú íseal. Is féidir neamhsheoltóirí a ianphlátáil ach iad a shuíomh i réigiún sciata d'aistriú ian. An buntáiste is mó ag an bpróiseas seo gur féidir dromchlaí achrannacha corntha a phlátáil go haonfhoirmeach daingean.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ianphlátáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |