Ianphlátáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gléas ianphlátála

Plátáil dromchla mhiotalaigh trí é a nochtadh d'iain mhiotail, a ghintear trí dhíluchtú nó ar mhodh teirmianach. Dírítear na hiain ar an dromchla tríd an dromchla a cheangal mar chatóid i bhfeadán díluchtaithe faoi bhrú íseal. Is féidir neamhsheoltóirí a ianphlátáil ach iad a shuíomh i réigiún sciata d'aistriú ian. An buntáiste is mó ag an bpróiseas seo gur féidir dromchlaí achrannacha corntha a phlátáil go haonfhoirmeach daingean.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ianphlátáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.