Iairiglif

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leac Rosetta

Is carachtar amháin d'iairiglifí na hÉigipte, córas scríbhneoireachta na Sean-Éigipte, é iairiglif (ón Ghréigis ar “snoíodóireacht naofa”).[1] Toisc gur script logagrafach é an córas scríbhneoireachta seo a úsáideann siombailí picteagrafacha chun focail nó fuaimeanna a léiriú, uaireanta tugtar “iairiglifí” ar scripteanna eile a bhfuil tréithe acu a chuirtear script na sean-Éigipte i gcuimhne.[2] Sa Nua-Phlatónachas, go háirithe le linn an Renaissance, is éard a bhí “iairiglif” ann ná léiriú ealaíonta ar smaoineamh rúndiamhair, go díreach an rud a chreid na Nua-Phatónaigh faoi iairiglifí na Sean-Éigipte.

Is script phictiúrtha é na hiairiglifí — is é sin córas scríbhneoireachta a úsáideann íomhánna mar shiombailí ar aonaid shéimeantacha éagsúla, seachas na litreacha teibí a úsáidtear in aibítrí. Cé go raibh sé bunaithe ar íomhánna, bhí script na Sean-Éigipte beagáinín níos casta ná sin. D'úsáidtí gach iairiglif i gceann de na trí bhealach seo a leanas: (1) mar léiriú díreach ar rud nó ar ghníomh, (2) mar léiriú ar fhuaim 1, 2, nó 3 shiolla, nó (3) mar shoiléiriú ar bhrí bheacht na n-iairiglifí i ngar di. Bhí bua na healaíne ag teastáil chun iairiglifí a scríobh, rud a chuir teorainn le líon na scoláirí a roghnaíodh chun iad a fhoghlaim.[3] Ba iad siúd a raibh ardoideachas acu (.i. an faró, na huaisle agus na sagairt) a bhí in ann na hiairiglifí a léamh agus a scríobh; d'úsáid daoine eile leaganacha níos simplí a bhí níos feiliúnaí don ghnáthscríbhneoireacht: an script chliarúil (Béarla: hieratic) ar dtús, agus níos déanaí an script choiteann (Béarla: demotic).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG (19 Samhain 2014). "Eureka 11-9". Dáta rochtana: 2023.
  2. Egypt, Ancient: Hieroglyphics and Origins of Alphabet”. Encyclopedia of African History Title information Teimpléad:Subscription required. Dáta rochtana: 12 September 2012.
  3. Shlain (1999-09-01). "The Alphabet Versus the Goddess: The Conflict Between Word and Image" (in en): 53. Penguin. ISBN 978-0-14-019601-6.