Iacárta
Jump to navigation
Jump to search
Iacárta DKI Jakarta | |
![]() | |
---|---|
Rialtas | |
Tír | ![]() |
Oileán | Iáva |
Déimeagrafaic | |
Achar | 750.28 km² |
Daonra | 8,389,443 (2000) |
Dlús daonra | 11,181.7/km² |
www.jakarta.go.id |
Is í Iacárta (Jakarta) príomhchathair na hIndinéise, agus í ar an gcathair is mó sa tír sin freisin. Tá sí suite in oileán Iáva. Tá breis is 9.5 milliún duine ina gconaí sa chathair.
Bhunaigh Purnawarman, rí Tarumanagara an chathair sa cheathrú haois. Fuair ríocht Sunda seilbh uirthi ina dhiaidh sin. Calafort trádála tábhachtach a bhí inti. Tháinig borradh agus fás uirthi faoi smacht na nOllannach, agus í mar phríomhchathair ar a n-impireacht sna hIndiacha Thoir. Roghnaídoh mar phriomhchathair na hIndinéise í nuair a bhain an tír sin neamhspleáchas amach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Thugtaí Sunda Kelapa (397–1527), Jayakarta (1527–1619), Batavia (1619–1942), agus Djakarta (1942–1972) uirthi.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |