IBAN (Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla

Is ionann IBAN agus Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc, nó International Bank Account Number (IBAN). Is caighdeán é atá aontaithe go hidirnáisiúnta (ISO 13616: 2003).[1]

Cruthaigh an Coiste Eorpach um Chaighdeáin Baincéireachta (ECBS)[2] agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO)[3] an caighdeán. Cruthaíodh é mar aitheantóir inmharthana praiticiúil do chuntais bainc, a úsáidtear go hidirnáisiúnta le aitheantas uathúil a thabhairt do chuntas custaiméara in institiúid airgeadais, d'fhonn cabhrú le híocaíochtaí trasteorann a dhéanamh saor ó earráidí agus le cumas phróiseáil íocaíochta díreach tríd a fheabhsú.[1]

Tá dualgas dlíthiúil ar bhancanna an Aontais Eorpaigh IBAN a thabhairt dá gcustaiméirí le haghaidh gach cuntas bainc. Sampla de IBAN Éireannach is ea IE64IRCE92050112345678.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Direct Debit FAQs". www.tvlicence.ie. Dáta rochtana: 2024-01-29.
  2. ecbs.org. "European Committee for Banking Standards (ECBS)". www.ecbs.org. Dáta rochtana: 2024-01-29.
  3. iso.org. "ISO - International Organization for Standardization / Standards" (en). ISO. Dáta rochtana: 2024-01-29.