Jump to content

Inter-Active Terminology for Europe (IATE)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó IATE)

Bunachar téarmaíochta idirinstitiúideach an Aontais Eorpaigh is ea Inter-Active Terminology for Europe (IATE). Is sa bhliain 1999 a seoladh an bunachar seo arbh é mar aidhm aige bunachar a chur ar bun i gcomhair théarmaíocht uile an Aontais Eorpaigh ionas go mbeadh teacht gan dua uirthi agus ionas go bhféadfadh na hinistiúidí Eorpacha go léir an téarmaíocht chéanna a úsáid. Tá IATE in úsáid sna hinistiúidí Eorpacha ó bhí samhradh 2004 ann. An 28 Meitheamh 2007 seoladh leagan poiblí de.

Tá ós cionn 1.4 milliúin téarma i dtrí theanga oifigiúla is fiche an Aontais cnuasaithe in IATE, téarmaí a bhí ann roimhe sin i mbunachair téarmaíochta éagsúla de chuid na n-institiúidí Eorpacha.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]