Holagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht chun íomhá thríthoiseach (holagram) a dhéanamh, a athraíonn de réir mar a athraíonn treo na féachana. Mar shampla, nuair a ghluaiseann an féachadóir ó dheas go clé, athraíonn an íomhá ó amharc éadain go dtí amharc imlíne. Ar dtús íomhánna statacha a bhíodh i gceist, ach tá íomhánna holagrafacha dinimiciúla á saothrú le blianta. Tá holagrafaíocht bunaithe ar thrasnú solais agus na patrúin trasnaíochta is féidir a chruthú le solas monacrómatach. Chun holagram a dhéanamh, ar dtús deighiltear léas léasarsholais ina dhá leathléas chomhoiriúnaithe. Frithchaitear léas amháin díobh, A, le scáthán ar an bhfrithne atá le híomháú, agus uaidh sin ar scannán neamhnochtaithe fótagrafach. Frithchaitear an léas eile, B, le scáthán go díreach ar an scannán fótagrafach céanna. Mar sin, titeann patrún trasnaíochta ar an scannán agus nochtaítear an scannán don phatrún sin. Bíonn an holagram ar an scannán nuair a réaltar é. Chun an holagram a léiriú, lonraítear an scannán le leathléas A agus measctar an léas a thagann amach as leis an leathléas eile, B. Feictear an íomhá thríthoiseach san aer mar a dtrasnaíonn an dá léas seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Holagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 351.