Histeaimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Díorthaíoch d'aimínaigéad a dtáltar méid an-bheag de go nádúrtha ag an gcolainn. Méadaíonn an tál nuair a spreagtar an córas imdhíonach chun tuilleadh gníomhaíochta i gcás an fhiabhras léana nó aon fhrithghnímh ailléirgigh. Cuireann an histeaimín breise tús le sraothartach, tochas, íth, sileadh súile, agus siomptóim mhíchompórdacha eile. Baintear feidhm as raon drugaí a dtugtar na hantaihisteaimíní orthu chun histeaimín a chealú. Nuair a tharlaíonn gortú d'orgán ar bith sa cholainn táltar an-chuid histeaimín, rud a chuireann tús le leathnú na bhfuileadán agus a laghdaíonn an brú fola ar an gcaoi seo.