Duillárthach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Hiodrascragall)
Bosca Sonraí SoitheachDuillárthach
Saintréithe teicniúla
Cineálwatercraft (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Soitheach í duillárthach[1][2] ar féidir a thoillíocht (an toirt uisce a thógann nó a dhíláithríonn sé chun a bhuacacht a chinntiú) a laghdú trína ardú amach as an uisce tar éis luas áirithe a bhaint amach.

Bíonn scragaill gléasta ar thaobhanna an tsoithigh níos doimhne ná doimhneacht na cabhlach, ionas go mbíonn siad mar eiteoga san aer agus an soitheach ag cúrsáil.

Rinneadh trialacha ar a leithéid de shoitheach san Iodáil i 1906, ach níor cuireadh i seirbhís chumarsáideach é go dtí na 1950idí. Éiríonn leis na hárthaí seo ar locha agus farraigí mar a mbíonn na huiscí socair an chuid is mó den am.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “hydrofoil” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-14.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “hydrofoil — Aistriúchán Gaeilge ar hydrofoil (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-14.
  3. Hussey, Matt (2011). "Hiodrascragall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.