Hiodra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHiodra
Hydra Cuir in eagar ar Wikidata

Hydra viridis Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamCnidaria
AicmeHydrozoa
OrdAnthoathecata
FineHydridae
GéineasHydra Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is éard is hiodra[1] ann ná cineál céalantrátach aonarach úruisce. An cholainn i bhfoirm gais, greamaithe ag a bun; an béal ag a barr, timpeallaithe le brathribí. Gabhann sé creach le cealla loiscneacha ar na brathribí. Tagann an gnáthdhath glas ó chealla alga ghlais sa cholainn. Atáirgeann sé trí bhachlú, den chuid is mó.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Hydra” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Hiodra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.