Heorastaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is heorastaic ann ná modh oibre matamaiticiúil ina ndéantar buillí faoi thuairim, nó oibriú trí thástáil is earráid, chun fadhb a réiteach. Bíonn na buillí faoi thuairim seo bunaithe ar réamheolas is taighde ar an gcóras atá idir camáin, chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí beaichte.

Baineann an réimse seo le hintleacht shaorga, agus is áisiúil é i gclárú an ríomhaire nuair nach féidir algartam cuimsitheach a leagan amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Heorastaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.