Hemminki Maskulainen
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | c. 1550 (Féilire Ghréagóra) |
| Bás | 1619 68/69 bliana d'aois |
| Biocáire | |
| | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Liútarachas |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir iomann, aistritheoir, tréadaí Liútarach |
| Teangacha | An Fhionlainnis |
Cé gurbh é Iacób Finno a scríobh an chéad leabhar d'iomainn eaglasta as Fionlainnis, is mó a choinnítear cuimhne ar Hemmingius Henrici (1550–1619) (nó Hemminki Hollo - is minic a thugtar "Maskun Hemminki" nó "Hemminki Maskulainen" air freisin, is é sin, Hemminki ó Masku, ó b'as Masku in iardheisceart na Fionlainne dó) mar fhile eaglasta.
I dtús na seachtú haoise déag, d'fhoilsigh sé an bailiúchán d'iomainn Yxi Wähä Suomenkielinen Wirsi-kirja ("Leabhar beag amháin d'amhráin eaglasta Fionlainnise"). Cantar cuid mhaith de na hamhráin i dteampaill na Fionlainne inniu féin.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
