Helena Molony

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHelena Molony
Beathaisnéis
Breith15 Eanáir 1883
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Eanáir 1967
84 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmréabhlóidí, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata

Poblachtánach, feimineach, ban-aisteoir, agus gníomhaí ar son an lucht oibre ab ea Helena Mary Molony (15 Eanáir 1883 – 29 Eanáir 1967).[1] Throid sí in Éirí Amach na Cásca i 1916 agus ina dhiaidh sin ba í an dara bean a bhí ina huachtarán ar Chomhdháil Ceardchumann na hÉireann. [2]

Tús A Saoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í ar 8 Lána Cole, in aice le Sráid Anraí, í lár Bhaile Átha Cliath, do theaghlach meánaicmeach agus Caitliceach. Ba iad a tuismitheoirí Michael Molony, a bhí ina ghrósaeir, agus Catherine McGrath, ach fuair siad bás nuair a bhí Molony ina páiste, agus ina dhiaidh sin, thóg a leasmháthair í. Bhí deartháir aici, Frank, a raibh sí mór leis. Chónaigh sí leis gur bhog sé go Meiriceá.[3]

Inghinidhe na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Molony a gairmréim pholaitiúil le Inghinidhe na hÉireann, grúpa feimineach agus náisiúnach bunaithe ag Maud Gonne. Chuaigh sí in Inghinidhe na hÉireann tar éis di óráid de chuid Gonne a chloisteáil ag Teach an Chustaim i mBaile Átha Cliath i 1903.[3]

Rinneadh eagarthóir nuachtáin mhíosúil na heagraíochta, Bean na hÉireann di. Phléigh an nuachtáin le rogha mhaith topaic, ar nós faisean (ag cur béim ar éadaí Éireannacha), cócaireacht, filíocht, agus polaitíocht. Bhí colún dírithe ar ghluaiseacht an lucht oibre, a bhí scríofa ag Molony.[3] Bhí mórán scríbhneoirí mór le rá ag Bean na hÉireann, mar shampla: Eva Gore-Booth, Constance Markievicz, Susan L. Mitchell, Art Ó Gríofa, Pádraig Mac Piarais, agus Ruairí Mac Easmainn. [4]

Bhí Molony lárnach sa ghluaiseacht chun béilí a chur ar fháil do pháistí scoileanna, ag iarraidh go raibh siad cothaitheach agus saor in aisce. Shocraigh Inghinidhe na hÉireann go n-íocfadh na daltaí a bhí ábalta, cé nach raibh sé riachtanach leas a bhaint as an scéim. Anuas ar sin, thairg siad bia a riar do na páistí.[5]

Bhí tionchar ag Inghinidhe na hÉireann ar ghairm Molony mar aisteoir freisin. D'fhreastail sí ar ranganna aisteoireachta a bhí eagraithe ag an ngrúpa chun bolscaireacht a chur ar fháil.[3]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Molony, Helena | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-02.
  2. "Molony, Helena | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-02.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Nell Regan. "Helena Molony: A Radical Life 1883-1967". 
  4. 2015 at 10:30am Posted by That's Just How It Was on July 14, View Blog. "Helena Molony: Forgotten Hero of the Easter Rising and Trade Unionist" (en). thewildgeese.irish. Dáta rochtana: 2023-08-02.
  5. "Molony's Witness Statement to the Bureau of Military History". Dáta rochtana: 02/08/2023.