Heitreacrómaitin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ar dtús, aithníodh í mar na codanna sin de chrómasóm a bhíonn níos dlúithe dingthe, agus ruaimnithe níos tibhe le linn na cilldeighilte, ná aon chodanna eile nach mbíonn dingthe ná ruaimnithe (an t-eocrómaitin). Bíonn an heitreacrómaitin flúirseach timpeall réigiún cheintrimír an chrómasóim go príomha, mar nach bhfuil an oiread sin géinte códaithe, bíodh is go bhfuil an-chuid seichimh atriallacha DNA. I láthair na huaire, glactar mar heitreacrómaitin aon réigiún de chrómasóm dlúth ina bhfuil an crómaitin neamhghníomhach ó thaobh tras-scríofa de.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Heitreacrómaitin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 343.